Blog
Pictiúr na Míosa: Ar an Trá Fhólamh!
Pictiúr na Míosa: Ar an Trá Fhólamh* — Seo pictiúr a ghlac mé ag tús mhí Lúnasa agus mé ar an Choireán i gContae Chiarraí. Sráidbhaile beag galánta agus lucht saoire ag spaisteoireacht cois farraige. Dealbh in ómós do Mick O’ Dwyer, peileadóir agus bainisteoir cáiliúil agus ceann eile i gcuimhne Charlie Chaplin, ‘fear na scannán agus cara an Choireáin a chaith blianta sona inár measc’ sna seascaidí. Féile scannán Charlie ar líne i mbliana sa ré úr Covid ina mairimid anois.
Is deas liom friotal na teachtaireachta anseo a éilíonn meas ar spás a chéile agus a chuireann i gcuimhne dúinn gur ar scáth a cheile a mhaireas na daoine.
Picture of the Month: On the empty beach!* — This is a picture I took at the start of August down in Waterville in County Kerry. A lovely little village with holidaymakers walking by the sea. A statue in honour of Mick O’Dwyer, famous footballer and manager and another in memory of Charlie Chaplin, ‘the film man and friend of Waterville who spent happy years among us’ in the sixties. Charlie’s film festival online this year in the new Covid era in which we now live.
I like the wording of the message which asks for respect for each other’s space and which reminds us that people are dependent on each other.
* Ar an Trá Fhólamh is also an idiom which means destitute or down and out but hopefully with the scaradh sóisialta (social distancing) and other measures, we will soon be back up and at it again.